The Wolfe Tones - Éamonn An Chnoic
00
Copied!
{Verse 1}
‘Cé hé sin amuigh a bhfuil faobhar ar a ghuth
Ag réabadh mo dhorais dúnta?’
“Mise Éamonn an Chnoic atá báite fuar fliuch
Ó shíorshiúl sléibhte is gleannta.“
‘A lao ghil ’s a chuid, céard a dhéanfainnse dhuit
Mara gcuirfinn ort binn dhe mo ghúna
'S go mbeidh púdar dubh
'á lámhach linn go tiubh
Is go mbeidh muid araon múchta!"
{Verse 2}
Is fada mise amuigh faoi shneachta 's faoi shioc
Is gur dánacht agam ar aon neach
Mo bhranar gan cur, mo sheisreach gan scor
Is gan iad agam ar aon chor
Níl caraid agam, is danaid liom sin
A ghlacfadh mé moch nó déanach
Is caithfidh mé dhul thar farraigí soir
Ós ann nach bhfuil mo ghaolta